Posts

Showing posts from August, 2018

Seán L. Ó Súilleabháin - Seaimpín an Domhain

Image
Tá startha fada ag na Gaeil ar an dornálaíocht, is dócha go mbaineann sé le cultúr an laoich atá go smior inár scéalta ó urthosach an tsaoil. Laochra ar nós Cú Chulainn ‘s Fionn Mac Cumhail dár sinsir agus leithéidí Conor McGregor le déanaí ach is minic a dhéantar dearmad ar fhear amháin, a d’fhág rian ollmhór a bhraitear fós ar an dornálaíocht, Seán L. Ó Súilleabháin. Saolaíodh an Súilleabhánach i mBostún sa mbliain 1858. B’Éireannaigh iad a bheirt thuismitheoirí a thréig an tír seo le linn an Ghorta Mhóir. Ar aon le cuid mhór des na Gaeil-Mheirceánaigh, bhíodar beo bocht ach cé go rabhadar ar an ngannchuid do sheol athair Sheáin, Mícheál (ó Mhainistir Ó dTorna i gCiarraí), chuig an scoil é i ndóchas go ndéanfaidís sagart de lá breá éigint. Ó nach ait an mac an saol? Shocraigh an Súilleabhánach gan dul ar an gcoláiste ach a bheith ina imreoir proifisiúnta baseball. “ I threw my books aside and gave myself up to it. This is how I got into the base-ball profession and I left s

Mo Thaithí lem' Thatú

Image
Nuair a fhéacaimid timpeall orainn agus sinn ag siúl sa chathair nó in áiteanna i bhfad níos lú fiú, feictear dearaí ar chraiceann daoine, rud a mheallfadh aird tamall ó shin ach atá gnáthach go leor sa lá atá inniu ann. “Tatú” a thugtar ar an bpatrún inc a fhágann an tsnáthaid ina diaidh. Tagann an focal “Tatú” ón bhfocal Samóise “Tatau” agus roimis an 20ú aois bhíodh muintir an Iarthair den dtuairim gur cleachtadh neamhshibhialta a bhí ann (Cé go meastar gur rud comónta a bhí ann in Éirinn fadó) Ar an lá seo, do fuaireas féin mo chéad tatú, tríchosóg atá ann, siombail ársa in Éirinn, a theastaigh uaim ón aimsir nach raibh ach trí bliana déag slánaithe agam ar an domhan so. Tar éis sé bliana ag fanacht ‘s ag machnamh go fadbheartach, shocraíos ar éirí as an amaideacht agus dheineas beart de réir mo bhriathair. Deirtear nár cheart tatú a fháil gan brí a bheith leis, ar eagla go mbeidh aiféala dod’ chrá sna blianta amach romhat agus is iomaí ciall atá bainte ag daoine as an