Mo Thaithí lem' Thatú


Nuair a fhéacaimid timpeall orainn agus sinn ag siúl sa chathair nó in áiteanna i bhfad níos lú fiú, feictear dearaí ar chraiceann daoine, rud a mheallfadh aird tamall ó shin ach atá gnáthach go leor sa lá atá inniu ann. “Tatú” a thugtar ar an bpatrún inc a fhágann an tsnáthaid ina diaidh. Tagann an focal “Tatú” ón bhfocal Samóise “Tatau” agus roimis an 20ú aois bhíodh muintir an Iarthair den dtuairim gur cleachtadh neamhshibhialta a bhí ann (Cé go meastar gur rud comónta a bhí ann in Éirinn fadó) Ar an lá seo, do fuaireas féin mo chéad tatú, tríchosóg atá ann, siombail ársa in Éirinn, a theastaigh uaim ón aimsir nach raibh ach trí bliana déag slánaithe agam ar an domhan so.



Tar éis sé bliana ag fanacht ‘s ag machnamh go fadbheartach, shocraíos ar éirí as an amaideacht agus dheineas beart de réir mo bhriathair. Deirtear nár cheart tatú a fháil gan brí a bheith leis, ar eagla go mbeidh aiféala dod’ chrá sna blianta amach romhat agus is iomaí ciall atá bainte ag daoine as an dtríchosóg. Triad atá ann, tuiscint ar an nasc idir an aimsir chaite, láithreach agus fháistineach. Maighdean, máthair, cailleach. Breith, saol, bás. Scoláire, laoch, cneasaí. Bhí an uimhir trí fíorspeisialta dár sinsir agus dom féinig leis.

Nuair a fhéachaim ar an tsiombail seo, atá i bhfad níos sine ná sinsheanathair mo shinsheanmháthar, ar chneas mo chliabhraigh cím an dúlra atá timpeall orm le fad mo shaoil. Cím an ghaoth, an chré ‘s na tonnta sa bhfarraige. Cím fuil, craiceann ‘s feol. Ceol, rince ‘s ól. Corp, intinn ‘s anam. Sa tsiombail shimplí seo, a mheall óm’ óige mé, cím cultúr atá fós ann tar éis na gcianta agus braithim bród na ndaoine láidre a mhair idir an am a breacadh tríchosóg i gcloch i mBrú na Bóinne agus an lá inniu, an lá a breacadh ionam í.



B’fhéidir go gceapfaidh cuid agaibh go bhfuilim imithe le geallaidh tar éis é seo a dhéanamh agus mo chéad bhlag a bhunú air ach ba mhaith liom mo thaithí a roinnt. Nuair a fhéachaim ar an rian seo atá orm, ní fheicim rud fosaitheach ach rothaí mór an tsaoil ag casadh go síoraí. Tuigim anois gur mise an chúis go raibh na daoine a tháinig romham ann in aon chor agus ‘siad na daoine a thiocfaidh im’ dhiaidh an chúis a bhfuilim beo anois. An dóigh leat, a léitheoir, go gcífear an draíocht sa tríchosóg i gceann míle bliain eile?

(Níl sí cam, ar mo chuid fótagrafaíochta atá an locht)

Comments

  1. An-choitianta sa Bhriotáin ar ndóigh an Triskele (triskelion). Suimiúil go leor, tá tríchosóg (tríscéil) de shaghas eile ar ‘brattagh Vannin”. Tá bratach Oileán Mhanainn cuíosach nua - féach Wikipedia - bunaithe ar armas ón tríú céad déag, ach gach seans go bhfuil anáil na gCeilteach air.

    ReplyDelete

Post a Comment

Popular posts from this blog

Seán L. Ó Súilleabháin - Seaimpín an Domhain