Tá startha fada ag na Gaeil ar an dornálaíocht, is dócha
go mbaineann sé le cultúr an laoich atá go smior inár scéalta ó urthosach an
tsaoil. Laochra ar nós Cú Chulainn ‘s Fionn Mac Cumhail dár sinsir agus leithéidí
Conor McGregor le déanaí ach is minic a dhéantar dearmad ar fhear amháin, a d’fhág
rian ollmhór a bhraitear fós ar an dornálaíocht, Seán L. Ó Súilleabháin.

Saolaíodh an Súilleabhánach i mBostún sa mbliain 1858.
B’Éireannaigh iad a bheirt thuismitheoirí a thréig an tír seo le linn an Ghorta
Mhóir. Ar aon le cuid mhór des na Gaeil-Mheirceánaigh, bhíodar beo bocht ach cé
go rabhadar ar an ngannchuid do sheol athair Sheáin, Mícheál (ó Mhainistir Ó
dTorna i gCiarraí), chuig an scoil é i ndóchas go ndéanfaidís sagart de lá breá
éigint. Ó nach ait an mac an saol? Shocraigh an Súilleabhánach gan dul ar an
gcoláiste ach a bheith ina imreoir proifisiúnta baseball. “I threw my books aside and
gave myself up to it. This is how I got into the base-ball profession and I
left school for good and all. From the base-ball business I drifted into boxing
and pugilism.”

Fén dtráth so, bhí an dornálaíocht mídhleathach i SAM
toisc nach raibh lámhainní á chaitheamh ag na trodaithe agus is iomaí duine a chailltí
le linn babhtaí, chomh maith le sin bhí geallghlacadóireacht ag baint leis.
Bhíodh na troideanna á reachtáil in áiteanna iargúlta ar fud na tíre. Chuaigh
an Súilleabhánach timpeall Mheiriceá fén ainm “The Boston Strongboy”. Throid sé
i sé chathair déag ‘s sé scór laistigh de 238 lá. An comórtas a bhí ann ná go
dtroidfeadh sé in aghaidh “anyone at any time” agus dá bhfaighfidís an lámh in
uachtar air go mbeadh $250 sa phóca ag dul abhaile acu, duais suntasach ag an
am. Ach níor éirigh le hoiread ‘s duine amháin é a chiúnú agus tuairiscítear go
bhfágadh aon fhear déag gan aithne gan urlabhra ina dhiaidh. Seo cuid den
bhfáth go n-úsáidtear a dhealramh don “Overly-manly man meme” ar an idirlíon.


B’é Seán L. Ó Súilleabháin an chéad churadh domhanda
trom-mheáchain sa dornálaíocht ach tá conspóid ann faoin dtroid a bhuaigh an
teideal dó. Glactar leis gurbh é an troid in 1888 idir é féin agus Charlie
Mitchell a thaispeáin don domhan go raibh sé chomh crua le hadharc reithe. “ Their third meeting
took place in 1888 on the grounds of a chateau at Chantilly, France, with the
fight held in driving rain It went on for more than two hours, at the end of
which both men were unrecognisable and had suffered much loss of blood; neither
could lift his arms to punch and the contest was considered a draw.” Ach
gurbh é a throid dorn-nochta deireanach an ceann a tharraing aird na nuachtán
agus a bhain a cháil amach. Sheas sé ar an mblár catha i gcoinnibh Jake Kilrain
i gcomórtas a mhair 75 babhta, rud nach bhféadfá a shamhlú sa lá atá inniu ann
agus ag an am sin níor bhraith babhta ar am ach thagadh deireadh le babhta
nuair a thit trodaí ar an dtalamh, d’fhéadfaidís leanúint ar aghaidh ar feadh 3
soicind nó 35 nóimint, chríochnaítí an troid nuair a ghéill duine nó nuair nach
raibh siad in ann seasamh a thuilleadh. Fíochmhar. Cé go raibh láthair an troda
“fé rún” do bhí 3,000 sa lucht féachana. Ag an Súilleabhánach a bhí an lá dar
ndóin.

As san amach do throid an Súilleabhánach fé na “Marquess
of Queensberry Rules” a bhí i bhfad Éireann níos sibhialta agus níos cosúla le
dornálaíocht ár ré. Cé go raibh sé mar an gceád réalt mhór i Meiriceá, ní
bhíonn saoi gan locht agus m’anam ón ndiabhal níl amhras ar bith ach go raibh
lochtanna aige. Bhí fadhb mhór aige le halcól agus ba dheacair ar a bhainisteoir
é a choimeád amach ós na tithe tábhairne. Ceaptar gur duine ciníoch a bhí ann
leis (Ní raibh sé sásta a bheith sa bhfáinne le fear gorm). Tar éis timpeall is
450 troid níor chaill sé oiread ‘s ceann amháin riamh go dtí 1892 nuair a
throid sé in aghaidh “Gentleman Jim Corbett”. Is fíor go raibh nach mór deich
mbliana ag an Súilleabhánach ar Gentleman Jim ach chun an fhírinne a rá ní hea
an aois a chuir as dó ach blianta caite ar an drabhlás agus ag bruíon mar
ainmhí. Tar éis an bua a aimsiú d’admhaigh Corbett é féin nár dhóigh leis go
mbuadh fear ar bith ar Sheán Ó Súilleabháin murach an dochar a dhein sé dá
shláinte. Is léir ón íomhá thíos gur drochbhail amach ‘s amach a bhí air fé chlabhsúr a shaoil. Níor
bhain sé seasca amach sara ndeachaigh sé ar shlí na fírinne, go ndeana Dia
grásta ar a anam.
Fear casta ab ea é Séan L. Ó Súilleabháin. Laoch a bhí
ann dos na Gaeil-Mheiriceánaigh, duine dá dtreabh féin a bhain saibhreas ‘s
cáil amach, a bhí mar chara ag leithéidí Roosevelt ‘s Buffalo Bill. Thug sé
dóchas dóibh go bhféadfaidís éirí in airde agus chuir sé go mór le híomhá an
Mheiriceánaigh ("if I had to get licked I'm glad I was licked by an American"). Don gcéad uair,
níorbh imircigh iad ach Meiriceánaigh bhródúla. D’ardaigh sé
croíthe na nGael sa mbaile leis, ionsparáid a bhí ann do mo sheanathair féin,
Dómhnaill Ó Súilleabháin, i gcónaí ‘s é ag dornálaíocht thall i Sasana. Ach
maith nó olc, carachtar a bhí i Seán L. Ó Súilleabháin a mbeidh áit aige i
stair Mheiriceá agus stair na dornálaíochta go deo na ndeor.
Comments
Post a Comment